Galway County Council has welcomed the announcement today (Friday, 5 May 2023) by the IDA that medtech firm Dexcom is to create 1,000 permanent jobs at its proposed new global manufacturing facility in Athenry, County Galway.
The Local Authority, in conjunction with the IDA, has played a central role in attracting the investment by providing Dexcom with a community and enterprise hub space in Athenry town centre that will serve as an initial base for the company ahead of the development of a permanent headquarter facility on IDA lands in the town.
Cllr Michael (Moegie) Maher, Cathaoirleach of Galway County Council, described the announcement as a “game-changer for Athenry and the Galway economy” and expressed his hope that the investment by Dexcom will encourage other multinationals to consider the West of Ireland as an investment location.
“This announcement is a massive shot in the arm for the local economy. It is vote of confidence in Galway and one that I hope will encourage Irish medical technology firms and other multinationals that are considering investing in the County or expanding their footprint in the wider region,” added Cllr Maher.
Cllr Liam Carroll, Cathaoirleach of Athenry Municipal District (MD), commented, “The future economic growth of Galway depends on the continued investments of companies like Dexcom. I want to congratulate officials from Galway County Council and the IDA for working together to identify a suitable site for this considerable investment and for further strengthening Galway’s position as a driver of regional economic growth.”
Liam Conneally, Chief Executive of Galway County Council, said today’s announcement follows many months of engagement between the IDA and the Local Authority on the overall project.
“We are working closely with the IDA and Dexcom to facilitate a quick start-up of the initial phase of the operation through the provision of office space in our town centre, and we look forward to the development of this significant national project in Athenry and the transition to the IDA site for which planning permission is expected to be sought in the coming months,” explained Mr. Conneally. “The foresight and forward planning of Galway County Council goes back many years when the landbank was purchased by the IDA and then inserted in the various County Development Plans as part of the Strategic Economic Corridor.”
Mr. Conneally noted that the investment is strongly rooted in Galway’s global reputation for the medtech industry, the quality of the workforce and its status as a place where people want to work and live.
“Dexcom has made a significant long-term commitment to Athenry and County Galway which I hope will influence other multinational and indigenous firms are considering investing here or expanding their existing operations in the wider region,” added Mr. Conneally. “Through the work of Galway County Council, in collaboration with the IDA, we anticipate this announcement will attract further investment in our county and I am committed to working to make this happen.”
Alan Farrell, Director of Economic, Rural & Community Development and Athenry MD, Galway County Council, said Dexcom’s commitment to County Galway would “build confidence in the county as a location to invest”.
He added, “Dexcom’s decision to develop a new global manufacturing facility in Athenry demonstrates that through strategic planning and coordination between the development authorities, Galway can attract significant investment. There will be huge opportunities for spin offs and indigenous companies to benefit and grow many more jobs in the local economy. We recognise the importance of bringing new employment into the region and we look forward to working with the IDA and Dexcom in delivering these highly skilled new jobs in the coming months and years.”
“This major investment will act as a catalyst for the development of the wider county and the region,” commented Mr. Farrell. “The announcement also coincides with Galway County Council’s progressing of significant plans for the regeneration of Athenry town centre, including the delivery of enhanced public realm works.”
“I am delighted that we have been able to work with Dexcom to secure them as our anchor tenants for the vacant town centre building which the Council bought with financial support from the Department of Rural & Community Development, and which means that company will have key jobs in the town centre while the project if going through the development process,” he concluded.
The IDA has confirmed that the Dexcom facility in Athenry will contain a highly automated and efficient manufacturing operation with an emphasis on green technologies. Dexcom expects to provide about 500 construction jobs while the facility is being built and up to 1,000 high tech graduate and technician level positions once the site is running at full capacity. For information about Dexcom job openings in Athenry go to: careers.dexcom.com/careers.
Comhairle Chontae na Gaillimhe ‘Game-Changer'(Malartóir Cluiche) Infheistíocht Bhaile Átha an Rí
Tá fáilte curtha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe roimh fhógra an IDA inniu (Dé hAoine, 5 Bealtaine 2023) go bhfuil comhlacht medtech Dexcom le 1,000 post buan a chruthú ag an ionad nua déantúsaíochta domhanda atá beartaithe acu i mBaile Átha an Rí i gContae na Gaillimhe.
Bhí ról lárnach ag an Údarás Áitiúil, i gcomhar leis an IDA, maidir leis an infheistíocht a mhealladh trí spás mol pobail agus fiontraíochta a chur ar fáil do Dexcom i lár bhaile Bhaile Átha an Rí a bheidh mar bhunáit tosaigh don chomhlacht sula bhforbrófar saoráid cheanncheathrú buan ar thailte an IDA ar an mbaile.
Dúirt an Comhairleoir Michael (Moegie) Maher, Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, gur “malartóir-cluiche do Bhaile Átha an Rí agus do gheilleagar na Gaillimhe” a bhí sa bhfógra agus dúirt sé go raibh súil aige go spreagfaidh an infheistíocht a rinne Dexcom comhlachtaí ilnáisiúnta eile le breathnú ar Iarthar na hÉireann mar láthair infheistíochta.
“Is mór an t-ardú croí é an fógra seo don gheilleagar áitiúil. Is vóta muiníne é i nGaillimh agus tá súil agam go spreagfaidh sé gnólachtaí teicneolaíochta leighis in Éirinn agus comhlachtaí ilnáisiúnta eile atá ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh sa Chontae nó a bheadh ag beartú breis forbartha a dhéanamh sa réigiún níos leithne”.
Dúirt an Comhairleoir Liam Carroll, Cathaoirleach Cheantar Bardasach Bhaile Átha an Rí (CB),
“Go mbraitheann fás eacnamaíoch na Gaillimhe don todhchaí ar infheistíochtaí leanúnacha ar nós comhlachtaí cosúil le Dexcom. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hoifigigh ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ón IDA as oibriú le chéile chun suíomh oiriúnach a shainaithint don infheistíocht shuntasach seo agus ag neartú seasamh na Gaillimhe chun fás eacnamaíoch réigiúnach ag spreagadh.”
Dúirt Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, go dtagann fógra an lae inniu sna sála ar na míonna fada rannpháirtíochta idir an IDA agus an tÚdarás Áitiúil faoin togra iomlán.
“Táimid ag obair go dlúth leis an IDA agus Dexcom chun tús tapa a chur leis an gcéad chéim den oibríocht trí spás oifige a sholáthar i lár an bhaile, agus táimid ag súil le forbairt an tionscadail náisiúnta suntasach seo i mBaile Átha an Rí agus leis an aistriú chuig suíomh an IDA a bhfuiltear ag súil go lorgófar cead pleanála ina leith sna míonna amach romhainn, ” a mhínigh an tUasal Conneally. “Téann fadbhreathnaitheacht agus réamhphleanáil Chomhairle Chontae na Gaillimhe siar blianta fada nuair a cheannaigh an IDA an cúlsoláthar talún agus ansin gur cuireadh isteach sna Pleananna Forbartha Contae éagsúla iad mar chuid den Chonair Gheilleagrach Straitéiseach.”
Dúirt sé go bhfuil an infheistíocht fréamhaithe go láidir i gcáil dhomhanda na Gaillimhe ar thionscal na teicneolaíochta leighis, ar chaighdeán an lucht oibre agus ar a stádas mar áit ina bhfuil daoine ag iarraidh a bheith ag obair agus ag maireachtáil.
“Tá tiomantas suntasach fadtéarmach tugtha ag Dexcom do Bhaile Átha an Rí agus do Chontae na Gaillimhe agus tá súil agam go mbeidh tionchar aige sin ar ghnólachtaí ilnáisiúnta agus dúchasacha eile a bheadh ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh anseo nó cur lena gcuid oibríochtaí reatha sa réigiún níos leithne,” a dúirt an tUasal Conneally. “Trí obair Chomhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar leis an IDA, táimid ag súil go meallfaidh an fógra seo tuilleadh infheistíochta inár gcontae agus táim tiomanta chun é seo a dhéanamh.”
Dúirt Alan Farrell, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Tuaithe agus Pobail agus Cheantar Bardais Bhaile Átha an Rí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, go gcuirfeadh tiomantas Dexcom do Chontae na Gaillimhe “muinín sa chontae mar láthair le infheistíocht a dhéanamh”.
Dúirt sé freisin, “Léiríonn cinneadh Dexcom saoráid déantúsaíochta domhanda nua a fhorbairt i mBaile Átha an Rí gur féidir le Gaillimh infheistíocht shuntasach a mhealladh trí phleanáil straitéiseach agus comhordú idir na húdaráis forbartha. Beidh deiseanna ollmhóra ann do chuideachtaí seachthairbhe agus do chuideachtaí dúchasacha leas a bhaint as i bhfad níos mó poist sa gheilleagar áitiúil. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le fostaíocht nua a thabhairt isteach sa réigiún agus táimid ag súil le bheith ag obair leis an IDA agus le Dexcom chun na poist nua ardoilte seo a chur ar fáil sna míonna agus sna blianta amach romhainn.”
“Beidh an infheistíocht mhór seo mar chatalaíoch d’fhorbairt an chontae i gcoitinne chomh maith leis an réigiúin,” a dúirt an tUasal Farrell. “Tá an fógra ag teacht leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le pleananna suntasacha d’athnuachan lár bhaile Bhaile Átha an Rí, lena n-áirítear oibreacha feabhsaithe ar an réimse poiblí a chur ar fáil.”
“Tá lúcháir orm go rabhamar in ann oibriú le Dexcom chun iad a dhaingniú mar ár dtionóntaí ancaire don fhoirgneamh folamh i lár an bhaile a cheannaigh an Chomhairle le tacaíocht airgeadais ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus rud a chiallaíonn go mbeidh poist thábhachtacha ag an gcomhlacht sin i lár an bhaile fad is a bheidh an tionscadal ag dul tríd an bpróiseas forbartha, ” a thug sé le fios.
“Tá sé deimhnithe ag an IDA go mbeidh oibríocht déantúsaíochta an-uathoibrithe agus éifeachtúil san áis ag Dexcom i mBaile Átha an Rí le béim ar theicneolaíochtaí glasa. Tá Dexcom ag súil le thart ar 500 post tógála a chur ar fáil fad is atá an áis á tógáil agus suas le 1,000 poist iarchéime agus teicneoirí ardteicneolaíochta nuair a bheidh an suíomh ag rith ina iomláine. Chun eolas a fháil faoi oscailtí poist Dexcom i mBaile Átha an Rí téigh chuig: careers.dexcom.com/careers.
CRÍOCH
You must be logged in to post a comment.